Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’oscail siad poll gairbhéil ar thalamh s’acu féin agus thosaigh siad ag saothrú beagán airgid. Cheannaigh an Comhairle Contae an gairbhéal ar 6 pingin an tonna. Thosaigh siad ag déanamh bloic tógála fosta. | 00:02:34 | |
Bhí Josie ag obair ag an Chomhairle Contae ar feadh naoi mí agsu nuair a chríochnaigh sin d’imigh sé go Birmingham in Sasana agus chaith sé cúpla bliain ag obair ansin agus in Stoke fosta. Bhí sé leagan píopaí. | 00:05:31 | |
Fuair sé a cheadúnas tiomana agus fuair sé post ag tiomáint leoraí in Stoke. Cur síos ar a am ansin. | 00:05:13 | |
Phill sé na bhaile in 1963 agus fuair sé post ag tiomáint scolairí siar na nGleannta nuair a thosaigh an t-oideachas saor in aisce (free education). Bus Mc Geehan a bhí a thiomaint aige. Thiomáin sé leoraí do Dan Greene ar feadh cúpla bliain, £7 sa tseachtain an pá a bhí sé ag fáil. | 00:04:27 | |
Tháinig deis eile in 1968 nuair a ghlac sé anonn teach tabhairne agus siopa ar a dtugtar ‘Teach an Cheoil’. Tá an siopa druidte le blianta ach tá Josie i mbun an tí tabhairne go fóill, cheannaigh sé an teach tabhairne ó shin. Tá athrach mhór ar rudaí anois ón t-am a bhí. | 00:11:12 | |